2/01/2017

Eolas tábhachtach eile:


Cá mbeidh an chomhdháil:
Beidh an chomhdháil féin ar siúl ar Champas na Naomh Uile (DCU) i nDroim Conrach. (Ar fhaitíos na míthuisceana – ní ar Champas Ghlas Naíon DCU atáimid!)

Léarscáil anseo:


Clárú:
Cuirimid fáilte romhaibh clárú don chomhdháil anois ar Eventbrite. Táille: 25 euro; 8 euro mic léinn, daoine dífhostaithe agus pinsinéirí.


Painéal Díospóireachta TG4:
Déanfar beochraoladh freisin ón gcomhdháil ar phainéal díospóireachta ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta. Craolfar an Clár ‘Cormac ag a Cúig’, curtha i láthair ag Tristan Rosenstock, ar an Aoine 17ú Feabhra, 5.00-6.00, beo ón gcomhdháil. ‘Todhchaí TG4 – an chéad 20 bliain eile’ téama an chláir agus beidh Alan Esslemont (Ardstiúrthóir TG4), Seán Tadhg Ó Gairbhí (Tuairisc.ie), Niamh Ní Bhaoill (Sibéal Teo.) agus Seán Ó Cualáin (Sónta Teo.) ar an bpainéal. Beidh saorchead isteach ag an bpobal chuig an bpainéal seo ní mór clárú roimhré agus a bheith ann faoi 4.45 ar a dhéanaí.


Bia/Deoch:
Beidh an bhialann ar an gcampas oscailte ar an Aoine agus beidh gach duine in ann lón a cheannach ansin. Cuirfear lón ar fáil do gach duine atá ag freastal ar an gComhdháil ar an Satharn. Cuirfear tae/caifé ar fáil ar an dá lá. 
Mar eolas – ní thógtar cártaí creidmheasa ná cártaí dochair sa bhialann agus níl ATM ar an gcampas. 






1/20/2017

Clár na Comhdhála

COMHDHÁIL DRÁMAÍOCHTA AGUS TEILIFÍSE 2017
Ó CHLEAMAIRÍ GO CEAMARAÍ

Fiontar agus Scoil na Gaeilge
Campas na Naomh Uile, Droim Conrach

Dé hAoine 17.02.2017
9.30-10.00
Clárú
10.00
Oscailt na Comhdhála – An tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, Ceann Scoile, Fiontar agus Scoil na Gaeilge.

10.15-11.45
Seisiún 1: Drámaíocht do pháistí agus san oideachas
Marc Mac Lochlainn: An Branar curtha - Sé bliana déag ag cruthú na drámaíochta do pháistí.
Gearóidín Uí Laighléis: An Gúm agus an drámaíocht.
Celia de Fréine: An Drámaíocht san Oideachas.


                                Tae/Caifé
12.15
SPRAOI: Dráma do pháistí le Branar Drámaíochta. (Léiriú dátheangach i nGaeilge agus i gCatalóinis)


                                      Lón
2.00-3.30
Seisiún 2: Ar an Ardán
Darach Mac Con Iomaire: An dual don ealaín a luach?
Marianne Kennedy: Drámaíocht na Gaeilge – an bhfuil sí dúisithe?
Darach Ó Tuairisg: Féidearthachtaí agus Dúshláin ó Stáitse go Scáileán.

3.30-4.40
Seisiún 3: An Scéalaíocht ar an Scáileán
Oidhche Sheanchais (1934) – An Chéad Scannán Gaeilge – ar iasacht ó Chartlann Harvard.
Brian Ó Catháin: Cúlra agus stair an scannáin Oidhche Sheanchais.
Deirdre Ní Chonghaile: Teacht chun solais, teacht in inmhe: Oidhche Sheanchais inniu.


                                 Tae /Caifé
5.00-6.00
Beochraoladh ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta: Cormac ag a Cúig.
Curtha i láthair ag Tristan Rosenstock

Painéal díospóireachta TG4: An chéad 20 bliain eile
Alan Esslemont (Ard-stiúrthóir TG4)
Seán Tadhg Ó Gairbhí (Tuairisc.ie)
Niamh Ní Bhaoill (Sibéal teo)
Seán Ó Cualáin (Sónta teo)

SA CHAIFÉ, TEACH PURCELL. Saorchead isteach don phobal chuig an seisiún seo ach líon teoranta áiteanna. Ní mór a bheith ann faoi 4.45 ar a dhéanaí.


7.00
Dinnéar na Comhdhála – Il Corvo.


Dé Sathairn 18.02.2017


9.00-10.30

Seisiún 4: Drámaí agus Drámadóirí
Pádraig Ó Liatháin: Filíocht Mhuimhneach ón 18ú haois ar stáitse na haoise seo caite.
Gearóid Mac Unfraidh: An dráma Séanadh.
Fidelma Ní Ghallchobhair: Aodh Ó Domhnaill - Drámadóir agus scríbhneoir ildánach.

10.30-11.30

Seisiún 5: Compántais drámaíochta éagsúla
Diarmuid de Faoite:  Ag Fánaíocht: Scéal na bhFánaithe, 1987-1993.
Máirín Uí Choileáin: Blathú Síol na Drámaíochta sa Spidéal.


                                        Tae/caifé

11.45-1.15

Seisiún 6: An Traidisiún Béil agus an Traidisiún Liteartha ar an ardán
Éamon Ó Cíosáin: Cré na Cille, mórdhráma na Gaeilge?
Máirín Mhic Lochlainn: An tAgallamh Beirte agus taibhealaíona dúchasacha na Gaeilge agus an drámaíocht.
Éadaoin Ní Mhuircheartaigh: An béal beo ar an ardán: Saothar Johnny Chóil Mhaidhc Uí Choisdealbha.


                                              Lón

2.00-3.30

Seisiún 7: An Craoibhín Aoibhinn agus Drámaíocht na hAthbheochana
Feena Tóibín: Dúbhghlas de hÍde agus Drámaíocht na Gaeilge.
Máire Nic an Bhaird agus Liam Mac Mathúna: Tionchar de h-Íde ar chur chun cinn na drámaíochta Gaeilge in Éirinn.
Liam Mac Mathúna agus Máire Nic an Bhaird: Na róil a bhí ag an gCraoibhín Aoibhinn, An Géagán Glas agus ‘G. G.’ i gcumadh agus in aistriú Pleusgadh na Bulgóide; Or the Bursting of the Bubble (1903).

3.30-4.30

Seisiún 8: An Dátheangachas ar an stáitse agus  ar an scáileán
Jeannine Woods: Dátheangachas Béarla, dátheangachas Gaeilge: An dátheangachas agus forléiriú dioscúrsúil na teanga i ndrámaíocht agus scannánaíocht na Gaeilge.   
Seán Breathnach: An Dátheangachas agus Saothair Drámaíochta TG4: Iniúchadh ar Aeisteitic agus ar Straitéisí Maoinithe na gCruthaitheoirí.


                                         Tae/Caifé

4.45-5.45

Seisiún 9: An fhilíocht ar an scáileán
Liam Mac Amhlaigh: Amharcfhínéid na teilfíse i bhfilíocht Mhichael Davitt.
Aodh Ó Coileáin: An Scannán Aiste:  teicníc inste scéil nó seánra ar leithligh?  Léiriú an scannáin ‘Fís na Fuiseoige.’


Clabhsúr





Cuirfear tuilleadh eolais ar fáil faoi sheomraí léachta, srl. níos gaire don am.